School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Page 531
- XML “Scéal ar Fhionn Mac Cumhaill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó do b'é Fionn a bhí 'na Árd rí ar Éirinn agus is air a bhí Éire a chosaint. Bhí duine uasal láidir timcheall Loch Léin. Bhí triúr fathach sa teorainn aige. Bhídís ag guid agus ag fuadach gach oidhche uaidh. Scríobhadh an duine uasal go dtí Fionn ag rádh leis teacht chuige. Dhein Fionn suas é féin chun dul ag triall air mar bhí fhios aige gur gnó éigin fé leith a bhí ag an duine uasal so dho. Chuaidh sé chuige agus thug sé leis a mhadra Bran agus a shleath. Chuir an duine uasal na mílte fáilte roimis nuair a chuaidh sé chuige. Níor innis sé dho an lá san in ao'chor cad é an cúram a bhí aige dho go dtí lár na mháireach. Dubhairt sé leis ná raibh na fathaigh ag fágaint lí na lé aige. Bhí san go maith is ní raibh go h-olc. Nuair a bhí na buaibh crúidhte 'stoidhche lár na mháireach ag na cailíní freastail thiomáin an buachaill iad go dtí an ngort agus chuaidh Fionn le na chois. Cheangail sé Bran le trí(continues on next page)
- Collector
- Brighid Bodhlaeir
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Informant
- Tomás Ac Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- Márthain, Co. Kerry