School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Page 535
- XML “Scéal ar Fhionn Mac Cumhaill”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)reacht buile is áirícéin. Seo é ag bagairt na bó céadhna leis. Seadh bhí madra le cois an fhathaig seo. Tháinig Fionn roimis agus d'fhiafruig sé dho cá raibh sé ag tabhairt na bó. "Nách cuma dhuit se cailim ag dul léi" arsan fathach "mar nách aon phioc dod' chuid seo í". Seo chuig a chéile iad. Bhí Fionn 'á chur i ndiaidh a chúil leis na h-aon iarracht dá dtug sé. Nuair a chonnaic madra an fhathaig go raibh Fionn ag fághailt an lámh uachtrach air an bhfathach chuaidh sé i gcabhair air. Bhí an fathach ag fághailt an lae ar Fhionn nuair a chuaidh an madra i gcabhair air. Nuair a bhí Fionn i ngiorracht do'n mbás do scread an barra buadha a bhí na bhrollach agus chualaidh Bran é agus bhris sí an slabhradh agus tháinig sí fé dhéin Fhinn leis an gcéad iarracht dá dtug sí. Bhain sí an sgórnach as an bhfathach. Seadh thug Fionn fé agus bhain sé an ceann do agus thuit sé 'na phleist ar an dtalamh. Seo go dtí madra an(continues on next page)
- Collector
- Brighid Bodhlaeir
- Gender
- Female
- Address
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Informant
- Tomás Ac Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- Márthain, Co. Kerry