School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- XML Page 543
- XML “Scéal - Fionn agus an Gruagach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)B'é Fionn an garsún ach nuair labhair sé leis níor leig se air gur b'é.
"Cá bhfuil cómhnaidhe ar na Fianna" ars An Gruagach. "Annsan thuas sa tig mór" ars an garsún. "Sin é suas an bóthar, lean é agus tabharfaidh sé isteach 'on tig thu.
"Ba mhaith liom triaill a bhaint as a neart, féachaint a bhfuil siad chómh maith is tá ainm ortha (na Fianna) ars an Gruagach.
"Táid gan teora" ars an garsún.
B'súid leis an gruagach, ach b'shúid lé Fionn an comhgar treasna na n-gort agus bhí a mháthair istig 'na h-aonar. D'innis sé an scéal di agus dubhairt "Abair leis go bhfuil na Fianna ag fiadhach" i bhfad ó bhaile go ceann seachtmhaine, gur bé an biadh a bhíonn aca ná an grideall agus gráinne mine caithte ar gach taobh do, gur b'é an caitheamh aimsire a bhíonn aca ná an mullán mór cloiche san amuig a chaitheamh soir thar tig, agus é ghabháil sar a dtuitfeadh sé ar an dtaobh eile.
B'súid isteach Fionn i g-cliabhán mór gan aon éadach a bhaint do agus chas sé an t-éadach go maith air féin. "Abair leis an bhfear mór gur trí mhí d'aois atáim."(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Catháin
- Gender
- Female
- Informant
- Donnchadh Ó Mainín
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry