School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 547

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 547

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 547
  3. XML “Scéal - An Gadaí Beag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    & bailibh sé leis. "An bhfuileann tú go maith chuin gaduidheachta?" ars an Gaduidhe. "Nílim go h-olc" ars an buachaill. "Tabharfad cúig puint déag dhuit i gceann bliadna má bhíonn sé tuillte go maith agat" ars an gaduidhe. Bhí beirt gharsún eile ag foghluim a gcéirde aige.
    Seadh do bhí ministir 'na chomhnuidhe tamall uatha. Bhí an Nodhlaig ag déanamh ortha & bhí deich gcinn do chaoirig móra ramhra aige go raibh oiread col ins gach aon cheann aca. "Ná mór an truagh gan na caoire a ghuid ó 'n ministir" ars an garsún leis an gaduidhe. "Ní fheadfá iad san a ghuid" arsa sé. Ná feiceann tú na cloigíní atá ar mhuineál gach aon cheann dhíobh? Có luath & thiománfá iad bhreithfí ort". "Cuirfidh mé geall go ngoidfidh mé iad" ars an buachaill "má chuireann tusa an bheirt eile le m' chois". "Cuirfead gan amhras" ars an gaduidhe. Seadh i lár na h-oidhche d'imthig an triúr fé dhéin na gcaorach. B'shuíd a mbagairt leo iad ach má dheineadar bhraith buachaillí an mhinistir iad & thángadar suas leo. Cad a dhein mo leaid ach dul fé 'n droichead a bhí ar an mbóthar & iad a scaoileadh thairis. Do lean buachaillí an ministir an bheirt eile stair mhór Eireann ó bhaile. Ní dhéin an garsún ach na caoire a thiomáint
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlin Ni Ghearailt
    Gender
    Female
    Address
    Márthain, Co. Kerry
    Informant
    Tomás Mhártain
    Gender
    Male
    Address
    Márthain, Co. Kerry