School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mairtfheola a bheadh againn da bhfeadfaimís an mairt a goid" ars an gaduidhe. "Cuirfead geall leat go n-eireochaidh liomsa é sin do dhéanamh" ars an buachaill.
Bhíodh beirt buachaill 'na bhun san gach aon oidhche le h-eagla an ghaduidhe.
Dubhairt an garsún leis an ngaduidhe roinnt airgid a thabhairt do. Fuair an garsún sean-chasóg bréide & hata olna, mála agus maide, is d'imthigh sé air ón baile mór & cheannuig sé dhá buidéal biotáille. Bhuail sé chuige iad & bhain sé cúirt an mhinistir amach le faobhar lae is oidhche. Chuaidh sé béal doiris agus loirt sé bheith istig. Dubhairt an cailín aimsire leis a chur de, ná tugtar a bheith istig d'einne sa tig seo. Leis sin do tháinig an ministir ón doras d'fhógair sé de'n gaduidhe óg dul amach go dtí na buachaillí a bhí amuigh sa stábla. Do scrios sé leis agus thug sé fé dhein an stábla. Isteach leis agus thosnuigheadar ar chaint le n-a chéile ar feadh tamailt agus sa chomhradh a bhí eatortha dubhairt ceann do bhuachaillí an mhinistir - "Dá mbeadh fhios ag an nGaduidhe Dubh go mbeadh an bulán so annso níl baoghal ná go dtiocfadh sé ar a thóir". "Is dócha é"(continues on next page)- Collector
- Eibhlin Ni Ghearailt
- Gender
- Female
- Address
- Márthain, Co. Kerry
- Informant
- Tomás Mhártain
- Gender
- Male
- Address
- Márthain, Co. Kerry