School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gcuir a dhriotháir críonna annso é chun a rádh leis go raibh Rí Éireann agus a bhanntracht ag teacht chun a mharbhuighthe anocht. "Cad a dhéanfadsa" arsan fathach le [?] Jack. "Tá fhios agat féin go maith" arsa Jack cad a dhéanfair. "Téighir 'on dtor ach caithfir do shlipéirí thabhairt dómh-sa chun tú chosaint". Bhí leisge ar an bhfathach iad a thabhairt dho. "Dhera" arsa Jack "ná beidh siad agat ar maidin chómh maith."
Fuair sé na slipéirí agus tháinig an buachaill isteach le na chapall agus bhí [?] gleó is murdal ar fuaid an tighe acu go raibh an fathach ceangailte acu. D'itheadar is oládar a ndóthain an oidhche sin. Ach [?] a n-eirigheadar ar maidin chuireadar dhíobh aríst is thug Jack leis na slipéirí is d'fhágadar an fathach ceangailte. Tar eis aistir an lae sin bhuail cúirt eile leo agus dúbhairt Jack go bhfaighdís lóisdín na h-oidhche annso aríst. Dubhairt Jack leis an bhfathach so go raibh(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Chiobháin
- Gender
- Female
- Address
- Na Gorta Dubha, Co. Kerry
- Informant
- Pádruig Ó Cinnéide
- Gender
- Male
- Occupation
- Fíodóir
- Address
- Na Gorta Dubha, Co. Kerry