School: Scoil na mBráthar, An Daingean (roll number 16703)
- Location:
- Daingean Uí Chúis, Co. Kerry
- Teacher: An Br. P. Ó hAragáin
![The Schools’ Collection, Volume 0424, Page 387](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0424%2FCBES_0424_387.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0424, Page 387
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an cléireach agus eagla air roimh an fir mharbh. "Ca'il an much uair" ars' an sagart. "Ó tá Diarmuid thíos í dtig na muice". "Is maith atá fhios agat go bhfuil Diarmuid curtha san uaid" ars' an sagart. "Dá thabharfá míle púnt dom ní raghfainn arís síos" ars' an cléireach. Annsan d'imthigh an sagart féin síos agus a slat aige. Do bhuail sé an much leis an doras amach. "Cailleann tú ag dul leis an much san" arsa Diarmuid. Rith an sagart an dorus amach agus eagla a dhóithin air. Bhí bean Díarmuide ag an dorus, "Dún an dorus agus ná leigh isteach é" ars' an sagart. "Cad é an gnó a bhí agat amuigh imthigh ar an áir ba cheart duit a bheith". Ní fada ó thigh an t-sagairt a bhí tigh a tiagharana talmhan. Cuaidh sé go dtí an thiagharna talmhan. Bhí a leithéid d'eagla ortha gur rughadar na cupáin leó. Cuaidh an tiargharna talmhan ináirde ar na lochta agus d'imthigh Diarmuid ar ar an dtaobh amuigh de'n bfuinnneóig ag feachaint suas air. "Tá do cíos agam anois duit" ar seisean. "Imthigh" ars an tiagharna "agus na feicheam go bráth arís tú." "Ní imtheócad go dtí do dtabhairfir ré-seat dom. Sgríobh an tiagharna an ré seat fé mar a bheadh fear ag fás. Nuair a cuaidh Diarmuid abhaile bhí an dorus oscailte agus d'imthigh sé.(continues on next page)
- Collector
- Gabriel Brích
- Gender
- Male
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Brich
- Gender
- Male
- Address
- Cé Bhréanainn, Co. Kerry