Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean

Suíomh:
Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An tSr. Cormac
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 083

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 083

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
  2. XML Leathanach 083
  3. XML “An Corn sa Stór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dubhairt sé leis an Rígh an méid fear a bhí aige a chur chuige. Do dhein agus do dhein Oscar an rud céadna leo. Do thuig an Rí annsan go gcaithfeadh sé féin troid leis. Chuir sé trí bhrat cruadaighe ar féin. Chuadar ag troid le chéile lár na mbáireach agus bhíodar ag troid go dtí tráthnóna. Bhí an Rí chomh tuirseach san gur iarr sé sos comhraic air. Chomh luath is a bhí na focail sin ráidhte aige, d'imthigh ceann de na brataibh cruadaighe i gan fhios dó. Bhí a fhios san ag Oscar toisc go ndubhairt Fionn Mac Cumhail leis é.
    Ag fágaint tír na h-Éireann d'Oscar fuair sé buidéal ó Fionn. Chimil sé an stuif a bhí sa bhuidéal dá chroiceann agus bhí sé slán fuláin arís. Thuit gach nidh amach an tarna lá díreach mar a thuit amach an chéad lá. B'é an sgéal céadna leis an tríomhadh lá. Bhí na trí brait cruadaighe imthighthe de'n Righ. Chuaidh Oscar ag troid leis an Rí an tríomhadh lá acht toisc gan aon bhrat cruadaighe a bheith air ní raibh seasamh ar bith aige i n-aghaidh Oscair.
    Chuaidh sé go tigh an Ríogh. Fuair sé an Corn 'sa Stór, thug sé aghaidh ar an carachán agus súid leis abhaile. Chuir Fionn agus a chuid fear fáilte fial roimis. Cuireadh ar an mbórd é agus bhí dinnéar breagh acu. Bhí tuirse ar Oscar agus chuaidh sé a chodladh. Deirtear gur fhan sé i n-a chodladh ar feadh míosa. Tugadh aire do'n Corn 'sa Scór as son amach agus ní cloistear a tuille in-a dhiaidh sin faoi.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Nic Gearailt
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Uí Shé, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádraig Mac Gearailt
    Inscne
    Fireann
    Aois
    49
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile Uí Shé, Co. Chiarraí