School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 075
- XML “Domhnach an Vestry”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)deireadh buachaill aimsire a bhí aige nár dhein sé aon obair riamh ach an t-aitean do sháith isteach sa "mhaisín". Ach ná bíodh naomhóg aige ar an dTráigh-bheag so thíos. A dhriotháir Dean a bhí mar atá John L anois agus ní dóigh liom gur dhein san leis aon lá oibre riamh. Bhíodh Caseys ana mhór leis - bhí a gciall féin acu dáltha an chait - Ach chuadar sa bhannc le Dean agus nuair a theich Dean ós na fiacha annsan thóg na Caseys na seacht mba bainne agus bó seasg agus capa agus bramach agus chuireadar ar ceaint iad ar aonach Bhaile 'n Chláir. Tháinig bean Dean ortha leis an ndlíghe agus ramharuig sí na cliatháin go maith acu. Is dócha ná raibh a n-inntiúirí i gceart acu.
- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry