School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 098
- XML “Bean Feasa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag tnúth is ag feitheamh leis." Is amhlaidh a bhí an tseana bhean tamall roimhe sin, ag crúdh na mbó í féin agus beirt dos na buachaillí, a clann mac féin. Bhí na ba go léir crúidhte acu agus bainne na chúig mba go léir, ach amháin an sniugadh. I ngalún a bhí an sniugadh i gcómhair an liathadh, bhí an bainne eile go léir i gcana mór. Nuair a bhí duine de'n gclainn ag teacht an dorus amach agus an cana leamhnachta aige, á thógaint sall thar buaile go seómra an bhainne, Cad deirir leis nár bhuail a chos i gcoinne tairsing' a' doiris agus do leagadh é; doirteadh an bhainne go léir. Bhí an tsean-bhean, a mháthair 'na seasamh lastig de dhorus. "Thar cheann na mbó is na ndaoine é a chroidhe, " ar sise "Is nár imthighidh uainn ach é. Clúdaig anuas air." "Is maith mar a dubhraís , arsan bhean-siubhail, "agus do glacadh uait thar cheann na mbó is na ndaoine é"
Dubhairt sí annsan go dteasbáinfeadh sí d'aon duine a bhí gearánach ar a chuid uachtair nó aon duine go raibh easba ar an uachtar aige- go dteasbáinfeadh sí féin dóibh an ón' spéir nó ó dhaoine a bhí an t-easba ar an uachtar. Lean sí an tseana bhean amach go seómra an bhainne mar a raibh dromlach an uachtair ach ní leigfeadh an tseana bhean i ngoire na dromhlaighe í. Mar sin féin dhein sí rian croise le na h-ordóig ar an uachtar. "Más duine atá á thógaint," ar sise. "beidh an chros san 'na fhuil ar maidin agus más ó'n spéir é beidh cros uisge annsan fé mhaidin." Nuair a chuaidh an tseana bhean ag feuchaint air ar maidin bhí cros uisge ar bharr an uachtair.