School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 100

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 100

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 100
  3. XML “An Chéad Bhancaeir a Bhí sa Daingean”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus feuch mar dh'imigh ar athair Greig annso thuas. Bhí tigh beag díreach ar Chrosaire na Marbh lastíos de fhalla an teampaill. Bhí an fhotharach ann nuair a bhínn-se ag dul ar sgoil agus is minic a d'fhanas 'ge binn a' tighe ann sa bhfoithin ó chith. Nuair a cailleadh seana Dhomhnall Ó Séaghdha a bhíodh ann bhí a chlann sgaipighthe. Ingean do dob'eadh Máire Ní Shéaghdha - Máire an Lanntáin - a bhí pósta aig Evans ar an Lanntán in Áth-an-Charbaill thoir. Ach leag Jack an seana bhothán agus thóg sé claidhe lastíos soir do agus thóg sé isteach an buaile a bhí ann. Bhí cnapóg mhór las-tuas de'n mbothán agus raob sé síos isteach sa bhuaile é sin síos go claidhe an bhóthair. Chuir sé síol féir annsan ann agus nuair a bhí sé a dhéanamh gaibh seana Mháire Stiabhna an tslighe agus dhírig sí ar Jack. Bhíodh sí ana mhór i gcoinne a leithéid d'obair. Is amhlaidh a chrom Jack ag magadh fúithe. "Lean den dteórain a bhí aig d'sínnsear rómhat, ná bailibh (bailig) an saoghal go léir chugat féin mar ní duit a bhí sé ceapuighthe." ar sise agus d'imig sí léi. Nuair a dh'fhás an féar bhí bara breágh air agus gach aoinne ghaibheadh an treó bhíodh Jack ag gáiridhe agus ag innsint dóibh cad a dubhairt Máire Stiabhna agus bhaineadh sé sult ar fad as. Níor bhain sé riamh an féar. Chaill sé láithreach agus bhí sé trí seachtmhaine ar a leabaid sar ar cailleadh é. Níor cuireadh riamh ó shoin an paiste ach aon uair amháin a cuireadh prátaí ann agus ní fhéadfadh duine ná ainmhidhe iad a dh'ithe. Tá an paiste ceannuighthe ag an Board of Health anois chun an reilg dh'fhairsingiú
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish