School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 103

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 103

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 103
  3. XML “An Seoirseach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an guth leis agus dubhairt leis na sgiatháin do cheangal suas agus do dhúnadh. Ní mór an nath a chuir sé ann ar a son gur baineadh preab as. Agus d'fhág sé osgailte airís iad nuair a bhí sé ag gabháilt síos airís an chéad uair eile. Do labhair an guth airís agus dubhairt leis na sgiatháin a dhúnadh suas nó go ndíolfadh a chliatháin as. Tar éis tamaill airís nár dearmhad sé iad do dhúnadh ach má seadh labhair an guth airís agus a dubhairt. "Mara gcoimeádfair suas na sgiatháin sin agus gan na h-áiristí do leagadh de'n mbórd fagfad-sa cubhán led shaoghal ort." Nuair a bhí na prátaí fásta na dhiaidh san agus gais ortha bhí Seóirse lá ag glanadh na bprátaí agus feuchaint d'á dtug sé tharais chonnaic sé capall agus marcach ar a mhuin thall ar dhuibhe Dhún Séan agus an taoide bara lán . Pé feuchaint eile a thug sé bhí an capall agus a mharcach chuige anall ag sodar ar bharr an uisge díreach dá mba 'na thalamh tirim a bhí fé na chois. Ní raibh fhios aon nidhe aige gur ghluais sé isteach thíos i mbun an ghúirt chuige, agus ghaibh sé drom leapan chuige aníos go dtí gur chuaidh sé go lios agus isteach sa lios leis.
    Nuair a bhí sé ag gabháilt thar Sheoirse aníos d'fheuch Seoirse go mí-chéadthach air. "No matter boy no matter." ars' an stróinséir. "Chuaidh an Seóirseach ag lorg rian chos an chapaill, an diach rian a bhí in aon áit sa leabaidh agus ní raibh oiread agus aon ghas amháin briste. Nuair chuaidh an marcach isteach sa lios dá gcloisfá an fothram a bhí ag dóirse á n-osgailt agus á ndúnadh. Tamall na dhiaidh san nuair a bhí "Stations" ar an mbaile agus na sagairt ag caitheamh a gcoda taréis an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish