Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 107
- XML “Cois na hÍne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is fada síos mé cois na h-íne go súgach sámh
Ag amharc ghrinn ar ainir bhínn-tais an úrla bháin
Is gile a píp ná'n sneachta ar chraoibh ná'n drúcht ar bán
Is ní coigcríoch mé ach buachaill groidhe mear a dhiúgfadh cáirt.'Sa ógánaig is ró bhreágh liom féin do ghruadh
Do chúl fáineach dreidhsleánach atá síos is suas
Do chrobh breágh ar do dheas láimh agus do chroidhe gan ghruaim
Is go b'é mo dhíombádh tú d'fhágáil na tíorach uam.A bhláth na gcraobh ar dhath na gcaor is tú chráig mo chroidhe
Is gur fear gan chéil d'iarrfadh spré le na shách de mhnaoí
Is go b'é mo ghalar cléibh gan mé féin is an té chráig mo chroidhe
I ngiorracht léige do thalamh éigin, nó ar drúcht 'nár suidhe.Tá ceann dualaisg ar mo bhuachaill is é casta n-aighe is n-árd
Níl gruaim air ó'n sluasaid ná mairg ó'n 'ráin
'S go b'é do cheann gruaige do dhein duail díom is bhris mo croidhe im'lár
Is nách mór an truagh san fear dá lú liom is gan deimhin é fhághail.A chogar úd! Tair a chodladh liom-sa féin i ngleann
mar a mbeidh fosta agat agus cead codlata argach taoibh de'n abhainn
Beidh mil bhuidhe na sruthaibh síos ar géagaibh crann
Agus an lún-dubh nár bhfochair-na is an chiarsach donn.- Faisnéiseoir
- Máire Bean a' Bhreathnaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Fheothanach, Co. Kerry