School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 112
- XML “Dathú Éadaigh”
- XML “An Dildeárn= Cearn, Bodhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)duine éigin cipíní beaga tíos sa Tás, as loing nó áthrach éigin a bághadh is a briseadh is dócha a thángadar ann. Tugadh na buachaillí abhaile na cipíní agus deintaí iad do beirbhiú agus deinidís an dath ba dheise ar domhan - crón-dearg. Nár mór an íocaidheacht do'n té a fuair amach é nó a chuimhnig air ar dtúis. Ní raghadh aon nidh ó chuid acu.
- Dé chroicean caorach a deintaí é, nuair a bhídís tar éis é bhaint de'n gcaora - ceann a mairbhídís féin nó caora marbh a tagadh isteach le taoide. Chuireadh an tseana bhean annso aol isteach sa chroicean agus é filleadh suas annsan is an t-aol istig ann. Chuireadh sí i leath-taoibh annsan é go ceann ocht nó naoi de laetheannta. Bhíodh an olann bog air annsan agus dheineadh sí í statadh de'n gcroicean. Is minic a deindeadh an sean-duine é nighe annsan in uisge an éanartaig agus é chur ar fhúnsa adhmaid 'n fhaid is bhíodh sé bog. Bhí ceárd ar an gcroicean a chur ar an bhfúnsa san. Chaithtaí é chasadh tímcheall an fhúnsa agus é iompó suas las-tig de'n bhfúnsa agus a chiúis a chur idir an fúnsa agus an croicean féin. D'fháisgeadh sí é féin le linn dó bheith ag triomú. Is deas éadtrom an mheas a dheineadh sé chun coirce do cháthadh noó chun roiléití do choimeád do dhuine bheadh ag sníomh. Bhí sé go diail ach gan é(continues on next page)