School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 117

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 117

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 117
  3. XML “Long an Fhíona”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a mhéar id'shúil leis an gceó. Tháinig árthach trí gcrann isteach sa Tráigh Bheag. Is amhlaidh a bhíodar á sgaoileadh le taoide mar ná raibh bliadhta gaoithe ó'n spéir agus níor mhothuigheadar aon rud in aon chor gur thriomuigh sé ar an eitir ag Poll-a-Gadaí. Do shleamhnuig sí isteach le taoide. Bhí fear ó'n áit seo innte agus d'aithin annsan go maith cá raibh sé. An uair sin is amhlaidh a bhíodh na ba gach oidhche istig i locanna annso thuas ar an macha. Bhíodh aodhaire na bhfeidhil. D'éirigeadh sé sin ana luath ar maidin. agus chomáineadh sé na ba síos go Cnocán Aigí nó mar sin. Árd amhránaí dob'eadh an t-aodhaire agus é ag sheóladh na mbó d'árduigheadh sé sgol amhráin agus ba ró-bhinn chuige é. Nár aithin an fear a bhí san árthach an t-amhránaí agus ghlaodhaig sé air. Má seadh d'fhreagair seisean é. D'inis sé dó connus mar bhí agus dubhairt leis dul go dtí Seán Mór agus sgéala thabhairt dó. Maidean Shathairn a bhí ann agus théigheadh an dúthaig mór in Daingean gach Satharn an uair sin agus go dtí a bhfad 'na dhiaidh san. Chuaidh Seán Mór sall ar an mbóthar agus d'iompuig sé gach aon duine a bhuail leis an tráigh anuas. Cuireadh an tobac i bhfolach san aithean agus sa lutharnaig i gCeann Áird agus cuireadh 48 bairrillí móra fíona fé gainmh na heitreach agus bhí an t-árthach ullamh folamh agus d'imig sí ar an gcéad taoide eile Bhí saighdiúirí sa Daingean an uair sin mar a bhfuil an Mainistir anois. Lá na dhiaidh san dá raibh oifigeach de'n arm san ag foghlaéreacht ar na corcacha thall i mBaile 'n Aistínig agus i mBaile 'n Fhaoitig thug sé fé ndeara
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male