School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhíos ar dhrúcht im'aonar cois taoibh na mara istoidhche
Go síorach suarach aérach is gan aoinne im'aice ach faoílin
Do dhearcas chúgham cois taoibh an chuain ag teacht go snua-gheal soílseach
An eala bhuacach aibidh uasal, do gheal an uain im'thímcheall.Shíleadh dom gur "Comet" í bhí ag fógairt choga draoidheachta
Nó Nílean úd na Róba do dhein ló go follus d'oidhche
Bhí cuacha breághtha gruaige fáineach anuas go trácht a mín-chnis
nó
(Bhí pórtal táclach gruaige faineach anuas go trácht a mín-chnis)
D'á luasga i gcás gan bhuadhairt mar mheáin le suairceas sámh na gaoitheBhí éin na talmhan naomhtha na sgaotaibh cois na duibhche
Agus éisg na mara tréine ag léimrig dtí'n rí bhean
Ag éisteach léi ba bhinne béal ba dheise méar ar chuínn chruit
le taitneamh cléibh, do'n ainir séimh do stadaid féin na tímcheallA tór-bhrat fairsing síoda is glan do scríobhas an eala bhéasach
a pórt glas aibidh díonmhar a cruínn go beacht fé ghéagaibh
Roínte caoile i gcúmhais na taoide mór-chuid faoig is faol-chuin
Seólta ar luing cois bóchna deacht ar ló go síod na dtréan-fhear.Bhí lunnrach geal na h-éadan, ba caol a malla sgríobhtha
Ba dúnta deas a déada geal in aoinfeacht suídhte tímcheall
A mama séibh, a gearra géar anuas ar thaobh a taoibh-chuirp(continues on next page)- Informant
- Griagaire Ághas