School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 125
- XML “Iompar na Marbh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is gnáthach anois go n-úmpruigheann siad cómhra an mhairbh ar ghuailibh fear go dtí'n roilg, mór mhór nuair ná beadh an aistear go dtí'n roilg ró-fhada nó nuair a bheadh púir mhór a chur. Nuair a bhíonn an chómhra ar ghuailibh na bhfear siubhluigheann siad tré gach séiltheán agus sruthán a bhíonn treasna an bhóthair rómpa. Is minic a fuair daoine slaghdán trom ó'n bhfliuchán san, mor mhór sa dúbh-luachair. Gaibheann siad na sean bóithre go dtí'n roilg agus stadann siad agus leigeann siad anuas an chómhra ar gach crosaire ar a slighe dhóibh. Fágann gach aoinne de'n gceathrar leath-bhróig thíos fé'n gcomhrain chun í choimeád ó'n dtalamh i slighe is nár dheacair í thógaint ar a nguailibh airís. Téigheann na daoine ar a nglúinibh agus cuireann siad paidir agus Abhé le h-anaman na marbh agus go spicialta le h-anam an chuirp atá i láthair. I mBaile'n Aistínig a cuireadh an chéad chorp ar guailibh fear. Roimis sin is amhlaidh a bhíodh gadaraí déanta de mhitheáin chasta nó uaireannta téádáin a bhíodh acu, fé'n gcómhrain. Bhíodh greim ag duine ar gach taobh ar an ngad, mar a bhíonn anois nuair a bíonn cómhra leinbh óig á tógaint leó ach gur eadaí bána a bhíonn fé chómhra an leinbh acu. Bhíodh seisear ag iomchur na cómhran an uair sin. Nuair a cailleadh mac baintrighe i mBaile'n Aistinig agus gan aice sa tsaoghal ach é seó mar a dubhairt sí leis na fearaibh sa chaoine dhi."Ná cuirí fé théadán é ná gad
Ach é thógaint libh go h-árd ar guailibh fear"- Informant
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Ístínigh, Co. Kerry