School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 147

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 147

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 147
  3. XML “Tá an Fharraige na Gamhnaigh agus an Fáth go bhFuil an tIasc Gann Anois”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    tamaill mhaith thiar i mBun - Caladh. Oidhche ach go háirighthe bhí sé agus tinneas agus deachair air agus tamall don oidhche níor mheas a bhean go mairfeadh sé go maidin. Ar ath-mhaidin tháinig an chuid eile de'n gcriú go dtigh chun go raghaidís amach ach dubhairt an bhean leó ná raibh aon dul go bhféadfadh Deairbí dul na dteannta agus d'inis sí dhóibh connus mar do chaith sé an oidhche. D'imthigheadar féin gan é. Chuireadar Béal an Chuain amach díobh agus ní feacthas riamh ó shoin aon fear acu. Ach iongantaisí an domhain i gcionn cúpla lá na dhiaidh san nár tháinig "bác" mór adhmaid isteach ar Thráigh na Binne agus bhí sgian le duine acu sáidhte sa "Bhác".
    Bhíodh traimilí ag muinntir Chinnáirdiarraighe. Bhíodh colmóirí, longaí , cudóga agus uaireannta pollóga a dtógaint acu agus madraí agus fámairí go flúirseach acu chómh maith.
    Bhíodh cúig-órlach de mhogail sa traimil agus ní raghadh ann ach breac éigin oireamhnach do'n mogal mór san. Uaireannta b'fhéidir go mbeadh bas-geal ann agus bardán (bradán) do réir an paiste go mbeadh sé curtha. Teastuigheadh na madraí uatha mar is asta is mó gaibhidís usg i gcomhair solus-na-hoidhche. Thagadh muinntir an Calaithe istoidhche agus thógaidís an t-iasg as líonta mhuinntir Chinnáirdiarraighe agus gearaidís na líonta na ribíní beaga le sgeana. Seadh go mbeidís ag cailleamhaint aimsire á bpriocadh amach as an líon Ba leis na "daoine móra" an Daingin na báid nó "leainseanna" san. Nuair a chuaidh an obair thar chailc ar fad is amhlaidh a chaitheadh muinntir Chinnáird annsan gan aon "buoy" a chur
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Cinn Aird, Co. Kerry