School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain Chumhra
- XML Page 157
- XML “Bád na Binne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bád na Binne
Bhí duine uasal thall ar na Cealla agus b'fonn leis ná beadh aon bhád a bhuadhfadh ar a bhád féin i rás fé sheól. Bhí bád nótáltha aige féin agus mara dtugtaí aire dhi ní lá fós é. Bhí tigh tógtha os a cionn agus uisge na mara fúithe i gcómhnuidhe ar eagla go ndéanfadh an aimsir agus an spéir aon díoghbháil de agus chun ná crapfadh aon chuid de'n adhmad innte. Bhíodh fear i gcómhnuidhe gan aon ghnó ná cúram eile ach á glanadh agus á phéinteáil agus ag feuchaint 'na diaidh i slighe duit go raibh a éirim go léir ar an mbád eile. Lá dá raibh sluagh de bháid an Chalaithe tall ag iasgach tímcheall na h-áite ghluais sé chúcha ar nós an tseabhaic 'na bhád agus d'fhiafruig sé a raibh bád- na- binne 'na measg. Dubhradh leis ná raibh ach ba ró geárr go bhfeacathas ag teacht na radharc í. Siúd fé na déin é na bhád féin. Tháinig sé tímcheall le gaoith roimpi. Ní mór na tacaí a bhí déanta aige nuair a bhí sí chun na gaoithe aige. Ba ró geárr go raibh Bád-na Binne ag breith amach uaithe agus d'imthig sé uaithe ar fad agus suas imeasg na coda eile tamall maith roímpe.
Thuas i mBaile 'n Búdhlaoraig a deineadh Bád-na-Binne agus Peaidí Shéamuis, Saor Dhún Sídhean a dhein í do mhuinntir na Binne Báine. Ach ní togfadh siad san í tar éis í dhéanamh dhóibh. Díoladh le muinntir Chlothair tiar í. Lá go raibh muinntir Chinnáird ag iasgach thiar ar leac a Chúmach bhuaileadar le muinntir Chlothair agus Bád-na -Binne acu. Bhí bád Chinnáird ró trom ach theastuig a leithéid(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Cinn Aird, Co. Kerry