School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 162

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 162

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 162
  3. XML “Iascach - Ag Iascach Ballach agus Deargán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Agus ní beag duit a chómhartha nár ghá dhúinn a dhuagh dh'fhágail go dtí go mbíodh an baidhte leachta ar fad.
    Nuair a bhíodh aon tsagas suathadh ann chaithfeadh duine feanacht (fanacht) i bhfeidhil an bháid á cinneáil ó'n gcairrg. Cuireadh mé féin ar Crúb an tSiorraig. Bhí an tslat 16 troighthe nó mar sin. Caithtaí amach an luadh. Bhí an luisne fé bun an luadha 15 órlach nó mar sin nó as san go troig-go-leith. - Ag cuid acu bhíodh an luisne os cionn an luadha. Déanfá an doimhneas a thástáil agus an áit is doimhne geóbhtha, an dorú a árdú faid na luisne aníos. Cúig feádh nó sé feádh is mó a bhíodh ann. Áit fhánach go mbeadh seacht feadh ach i mbarra taoide. Ar an gceathrú de'n dtaoide a' líonadh is fearr go mbíodh éirighe ortha. Is minic go dtagadh sórt stad ar lag trágha ortha. Ach tosnuighídís airis ar chasadh an taoide.
    Lá'r na mháireach, tar éis Seán a' Mhámha agus an bheirt againne a bheith amuich nuair a chonnaic muinntir an bhaile an ládáil éisg a bhí againne chuaidh lán a bháid d'iasgairí maithe oilte amach. Ach má sea níor bhuail aon nidh leó gur bhfiú a áireamh mar bhí gealach ortha an lá san agus thángadar abhaile chómh dealbh agus d'fhágadar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish