School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 164

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 164

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 164
  3. XML “Talamh Iascaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé an beart (=berth) a b'fhearr sa bhád do ar square "deagair" (= arán mine-buidhe). Bhíodh cuid des na h-ionaid sa bhád níos ádhmharaí ná a chéile. Deire an bháid ar an siota is adhmharaí de ghná.
    Bhí bád an Chala agus bád Chinnáird lá ar an mbanc agus bhí muintir an Chala ag tarrac deargán mar ba mhaith leó agus gan faic ag bualadh le Muinntir Chinnáird. Bhí fear i mbád an Chala a bhí ana mhór le m'shean athair. Nuair a chonnaic seisean ná raibh aon bheartuigheacht a dhéanamh acu chuir sé a lámh síos ar taobh an bháid lasmuich i gan fhios d'aoinne d'á chualacht féin agus dhein sé an uimhir 24 le na meir ar thaobh an bháid. Má seadh is tapaidh a phrioc an fear eile suas é. Níor leig sé faic air ach dubhairt sé leó na doirighthe a tharrac isteach agus ceithre feadh fichead a thabhairt dóibh. Cómh luath is thugadar an fhaid cheart dóibh bhíodar ag tarrac éisg chómh tiugh agus ba mhaith leo chómh maith.
    Banc Mór; Íochtar Tíorach osgailte (.i. go bhfeicfá an talamh agus na faillteacha ó Cheann a' Daimh soir go Faill a' Tónacháin) agus Ceann Binne ar Bhaile Riach.
    Banc na Péiste: Ní cuimhin liom an cómhra talmhan
    Banc Bheaglaoigh: ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,, ,,
    Banc Phollóg: An Cloigean = Ceann a' Daimh muchta aig an Siorrach agus Tígh na Síteach i gCinn Áir osgailte.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    78
    Address
    Cinn Aird, Co. Kerry