Scoil: Breac-Cluain (B.) (uimhir rolla 16217)

Suíomh:
Brackloon, Co. Kerry
Múinteoir:
Pádraig Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 519

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 519

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Breac-Cluain (B.)
  2. XML Leathanach 519
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Tá bosca mór óir idir na nGleann na nGealt agus Gort Bréagóg.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    dubhairt sé go raibh bosca óir i bpáirc trí gcúinne idir nGleann na nGealt agus Gort Bréagóg. Níor dein aoinne aon iarracht air é dh'fághailt. Bhí beirt fear ó Ciarraihe ann agus bhí eagla orta dul i-n aice leis,ar eagla go bfaghadh siad féin an rud céudna. Annsan do labhair sé as Gaedhlinn go raibh an t ór idir nGleann na nGealt agus Gort Bréagóg i bpáirc trí gcúinne. Do rugadh air nuair a bhí an lá ag breacadh i bpáirc mhóir go raibh tuighe ag fás innte i bpall. Nuair a bhí sé ina codladh do chuadar timcheall na páirce. Do coimeadar é trí seachtmhaine i gCorchuig chun eolas a fhághail uaidh agus níor thug sé uaidh é.Dá dtabharadh bheadh sé saor.
    Ó bhéal aithris Shéan Uí Churráin; Baile Fhíonáin, Abha na Scáil: Aos 45 bl. Feirmeoir. Chualaidh sé ó na mháthair é,nuair a bhí sé 'na bhuachaill óg. Fuair sise bás timcheall 16 bliadhna ó shoin, timcheall aois a 70 bliadhain. Níor fhág a h-áit dúthchais riamh.
    Tógtha síos 3-3-'38
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séan Uí Churráin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Ballynane, Co. Kerry