School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí Rígh i n-Éirinn fadó agus bhí dhá-réág mac aige. Chuaidh sé ar siubhal le h-ais locha lá, agus thug sé fé ndeara sa loch lacha agus dhá cheann déag de lachain óga i n-einfheacht léíthi. Ba gheárr go bhfeaca sé an mháthair-ál ag iompógh siar ar cheann de's na lachain óga agus faobhar an diabhail fúithi, ag gobadh uirthi 's á tumadh fé'n uisce, riamh 's choidhche gur bháthaidh sí í. Bhí ionbgadh 's alltacht ar an Rígh cad ba bhun leis, nó ca na thaobh gur dhein sí a leithéidh d'obair mhío-nádúrtha.Chuaidh sé a triall ar a Sheandraoí, agus do innis se dho scéal na lachan.
"Á," arsa an Seandraoí, "do thug sí iad san go léir amach, agus ní raibh aon cheann aici chun deachmhan." (deachmhaín ? mar dúbhairt an scéalaidhe).
"Má's mar sin atá an scéal," ars' an Rígh "Tá sé ceart go mbeadh duine de's na críostaidhthe chun deachmhaín chómh maith leis na h-éanlaithe, agus innis-se dhom cad é an t-slíghe in a gcuirfinn chun báis duine dom chlann-mhac." "Inneósfad-sa san duit," arsa an Seandraoí. "Téigheann do dhá-réág mac ar scoil gach lá, agus amáireach, fair go maith iad, mar rithfidh siad le chéile go(continues on next page)- Collector
- Peig Bheag Ní Dhéada
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Pádruig O' Mórdha
- Gender
- Male
- Age
- 87