School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne
- XML Page 297
- XML “Mac Tiarna Sléibhe an Fhiolair agus Iarla Ráth Fhionáin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do mhair lánamha bhocht ann fadó thiar ar Slaibh an Fholair.
Bhí aon mhac amháin aca. Bhíodar ana bhocht. Ní raibh de thig aca ach poll idir dhá chloic. Do mhaireadar ar arán mine agus banne gabhar.
Lá de's na laetheannta, dúbhairt an mac go gcaithfeadh sé féin gabháilt amach agus slíghe bheatha éicint d'fhagháilt do féin.
Bhí an t-athair san mháthair a d'iarraidh é choineáilt ag baile, ach ní raibh aon mhaith dhóibh ann.
D'imig sé air, 'on Daingean, is cheannuig sé culaith bhreag shlachtmhar éadaig, agus dhá chiarsúir síoda. Do chur sé air a chulaith éaduig nuadh agus na ciarsúirí 'na phoca chuige, is chuaidh sé go dtí na mhuinntir go léir 's a ghaolta, is f'fhág sé slán aca, agus seo leis.(continues on next page)- Collector
- Máire Bheag Loingsigh
- Gender
- Female
- Informant
- Micil Ó Néil
- Gender
- Male