School: Baile Uí Dhuibhne
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
![The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 233](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0429%2FCBES_0429_233.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 233
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An t-Iascaire ó Phort Mag Aoidh
Do bhí Iascaire i bPort Mag Aoidh fadó gur b'ainm do Seán Ó Conchúbhair.
Do chuimhnig sé lá ar dul go Mericá agus níor stad an saoghal leis gur chuardh [go ndeaghaidh]. sé ann.
I Nuadh Eabhrach a chuir sé fé ar dtúis agus bhí obair agus tuilleamh maith aige annsan ar feadh blianta.
Nuair a bhí roinnt mhaith airgid curtha i dtaisce aige, dúbhairt sé leis féin go raghad sé tamall eile ó dheas ins an dtuaith, féuchaint a ndéanfadh sé saidhbhreas níos tapamhla ann, ba-m hall leis an teacht isteach a bhí aige mar a raibh sé.
D’imig sé agus chuaidh sé a bhfad ó dheas, agus má dhein, ní raibh obair le fagháil annsan aige mar a shaoil sé bheadh, agus is amhlaidh a bhí an sparáinín a bhí aige i dul i luigheadh in aghaidh an lae. Nuair a bhí deire caithte ‘ge do dhruid sé tamall eile ó dheas, agus is amhlaidh a bhíodh sé a' tuilleamh sa chaitheamh 's a druideamhaint ó dheas diaidh ar ndiadh, go dtí ar deire thiar(continues on next page)- Collector
- Peig Ní Dheada
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Pádruig O' Mórdha
- Gender
- Male