School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 241

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 241

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 241
  3. XML “Scéal na bPúcaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí seana-lanamha i nUíbh Ráthach fadó, fadó shoin. Bhí triúr mach aca 's paiste talmhan. Bhídís go léir ag obair i dteannta ' chéile sa bhfeirm gach aon lá, ach, ní h-oibreochadh an mac óg 'na dteannta ar chú' ná ar chleas. B'fheárr leis a bheith ag imirt chártaí gach aon lá 's oidhche, agus ins gach aon áit 'na gcloisfeadh sé iad do bheith ar siúbhal.
    Lá amháin, amach san bhFóghmhar, bhí ana-bhroid ar fheirmeóírí na dúthaighe sin ag leagadh 'sa ceangal choirce, agus chuaidh an líon-tíghe seo go léir, bog 's cruaidh ar an leaid óg so, dul a' ceangal 'na dteannta. Do cheaduig sé dul ar deire thiar, agus seo leótha go léir ar bó-thiomáint a' leagadh 'sa ceangal.
    Nuair tháinig aimsir dinnéir do scuireadar den obair, 's shuidheadar i dteannta chéíle ar an ngort chun bídh. Chuaidh an mac óg leis féín i leath-taoibh ó'n gcuid eile, agus faid a bhí sé ag ithe thugadar fé ndeara é a' machtnamh 'sa chúiteamh agus é fé mar bheadh sé ag cainnt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig O' Mórdha
    Gender
    Male