Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhí fear 'na chonmuidhe i mBaile Uí Dhuibhne. Tá Baile Uí Dhuibhne suidhte i bparóiste Chlocháin i gContae Chiarraighe. Fear símplí a b'eadh é. Bhíód sé gach maidin ar an tráig ag lorg éisc. Bhí an t-iasg ana fhlúirseach agus é ag teacht isteach sa tráig indiaidh an t-solláin. Maidin amháin do chualaidh sé an glór mór. Cad a bhí ann ach scata fear agus cómhra acu. Do liúig sé ortha h-olló! h-olló!, agus scaipeadar agus fuair sé an chomhra agus bhí fear óg istig ann. Mac do thigéarna talmhan i gCíll Dara; garsún óg a b'eadh é. Ní raibh sé ábalta ar labhairt mar bhí sé fé dhraoidheacht. Do fuair an fear símplí craobh dhub agus do thug sé don ngarsún é, agus tháínig a chainnt chuige. Dúbhairt an garsún go raibh oighean lán d'ór i seana thig i gCill Dara agus go raibh sé fé lic mhóír. Do chúadar ann agus do fuaradar é. Chúaidh an garsún go dtí 'na bhaile féín. Thug an fear símplí an t-ór go dtí Baile Uí Dhuibhne. Bhí gadúidhe san mbaile sin, san amh san, agus bhí fhios aige go raibh an t-ór ag an bhfear símplí. Do ghuidh sé an t-ór agus do thug sé go "Poinnte na Cathrach" é. Tá an áit sin inaice Baile Uí Dhuibhne. Bhí líosachán ann agus staighre ag dul síós(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Padruig Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69