Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 610

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 610

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 610
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cistí Óir i bhfolach
    Do bhí fear i Bhaile Uí Dhuibhne úair amháin agus do théigheadh sé go dtí an cnoc gach lá. Dúbhairt sé le gach éinne go raibh caoire aige. Ní raibh aon chaora aige, ach bhí ór aige, fé charraig. Bhí garsún bocht símplighe i dTír Uachtarach i bparoiste Breanndáin. Lá amháin bhí an fear ag dul go dtí an charraig ag féachaint ar a chuid airgid. Do lean an buachaill é. Chuaidh sé i bhfolach agus nuair a chuaidh an fear abhaile do ghoid an garsún an t-ór. Do chuir an garsún an t-ór isteach i mbróig agus do chuir sé i bhfolach sa "baile Mór" é - áit atá anaice an Cé. Ní raibh fhios ag an bhfear cad d'imig ar a chuid oir. Níor chuimhnigh an garsún simplí air ó shoin agus tá sé ráidte gur d'fhan an t-ór riamh ó shoin san áit ar an "mbaile Mór", gur chuir an garsún é i bhfolach.
    Pádraig Gruiméil sc. Baile Uí Duibne (R3. VI)
    Fuaras an sceal sin o Seán O Bric atá na chómhnuidhe i mBranndán agus tá sé 84 blianna d'aois
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádruig Gruméil
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Seán O Bric
    Inscne
    Fireann
    Aois
    84
    Seoladh
    Cé Bhréanainn, Co. Kerry