School: Cromán (B.) (roll number 12820)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Stiophán Ó Cobhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (B.)
- XML Page 107
- XML “Amhrán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Amhrán
“Ag gabháil tré Baile Átha Cliath dom do dían mhoch ar maidin ¶ Do casadh cailín óg orm scáil a Roisín ar a leacain”
I
Ag gabháil tré Baile Átha Cliath dom go dian moch ar maidin.
Do chasadh cailín óg orm scail an róisín ar a leaca.
D’fhiosraigh sí (an óg) i nglór chúinn, Cá gcónaíonn tú a mharcaigh.
Ar a dtuath atá mo lóistín is ann a chónaím le tamall.II
An bhfuil aon scéal nua agat ó's tusa is déanaí a fhágáil baile
An mhaireann do chéile nó an raibh si riamh agat?
D'fhagas imo dhiaidh í go tinn diachrach ag an mbaile
Agus dochtúir (in Éirinn) ní gheibheann sé a leigheasadh a galar.III
Éirigh díom a óig bhean táim breoite leath-mharbh
Tá muirighean ró óg orm agus ní cóir dom iad do scaipeadh.
Ó tá do spré nua agat as mór stoc ar talamh
Do gheobhaidh tusa céile a bheidh ar taobh deas do leabthan.IV
Is dubhach atá mo pháistín ó éagas a bhaile.
Tá a chuacha gan chíoradh, gan réidh as gan aisce.
Tá a chuacha gan chíoradh is gan sú acu á chur ina mbeala
Agus iad siúd ag rince le báisín i ndícheall.
Is mise ar fuair dathdhaille is ní fhaigheann do lámh féachaint.V
Do thabharfainn duit féirín dá bhféadfadh tú mealladh.
Haincisiúr craobhach go mbeidh craobh air le caitheamh
Cnaipí airgid a chur ar do léine dóthain aon fhear ina bheatha.
A rún searc mo chléibhe níl am féin ach tamall.(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Téacháin
- Gender
- Male
- Address
- Cromane Upper, Co. Kerry
- Informant
- Brighid Bean Sheáin Uí Théacháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Cromane Upper, Co. Kerry