School: Cromán (B.) (roll number 12820)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Stiophán Ó Cobhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (B.)
- XML Page 125
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aon phráta do n’íosaidís, agus iad go léir lobdha.
B’olc an saoghal é sin, a bhí aige na daoine an am san, acht moladh le Dia ní mar sin dúinn indiu.
Tá biadh agus beatha aige óg agus críonna ins an tsaoghal atá ann anois.
Théigheadh na mná agus na fir amach ins an tráig ag priochadh iasgáin, agus do súibhaluighdis agus do sgúdhtaidís iad isteach dtí Cill-Áirne na h-aon tSatharn, le cliabh iasgáin ar a ndroim.
D’fhágaidís an baile ar a dhá uair déag, oidhche dia h-Aoine.
Bhíodaidís a’siúbhal ar feadh na hóidhche, chúig mile déag ag imtheacht agus chúig mile deag ag teacht.
Nuair a dhíolaidis an t-iasg, cheanaidís arán agus cupa té, agus bhíodís ag amhrán ag teacht abhaile cómh sásta is dá mbeidís istig i dTír na nÓg.Caomhan Ó Ealuighthe. Rang a V.
Fuaireas é seo ó’m mÁintín, Máire bhean Thaidhg Mic Lochlainn.
Cromán Uachtar; 58 bl. - Sgéal.
Bhí baintreacht bocht ann fadó ‘na cómhnuidhe fé’n dtuaith.
Bhí aon mhach amháin aici, agus bhí sé ana-bheag.
Ní raibh sé acht trí troighthe in-airde mar níor fhás sé riamh.
Bhíod sé gach lá istigh ins an luaithruigh.
Ní raibh aon mhaitheas ann chun aon chabair a thabairt(continues on next page)- Collector
- Caomhán Ó Ealuighthe
- Gender
- Male
- Informant
- Máire Bean Thaidhg Mhic Lochlainn
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Female
- Age
- 58
- Address
- Cromane Upper, Co. Kerry