School: Cromán (B.) (roll number 12820)
- Location:
- Cromane, Co. Kerry
- Teacher: Stiophán Ó Cobhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cromán (B.)
- XML Page 010
- XML “Ainmhithe na Feirme”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá trí ba, asal, agus gamhan i bhfeirm m'athar.
Siad na h-ainmneacha atá ortha ná Beauty, Blackeen, agus glaodhimíd "báiní" ar an ngamhan.
Nuair a bhíonn m'athair ag tiomáint na mbó deireann sé, habha ! habha !.
Tugtar "cow house" ar an tig a bhíonn aca.
Cuirtear tuighe mar easair fes na buaibh agus nuair a bhíonn an tuighe gann cuirtear gaineamh no fraoch futhu.
Ceangluightear na ba timceall na n-adharc le téid bhuig agus bíonn an tead ceangailte le píosaiarainn a bhíonn sáidhte go daingean san bhfalla.
Má bhíonn bó mhaol ann cuirtear slabhra timceall a muinéal.
Ceangailtear an gamhan leis an gcois go dtí go mbíonn sé, sé mí d'aois agus na dhiaidh ceangailtear é ó'n mhuinél.
Cuirtear píosa stoca tímceall béul na gamhna óige mar púicín má bhíonn se ag ithe an easair.
Nuair a cheangailtear téad ó adhart na bó go dtí an chos tosaig, glaodhtar crobh nacs air.
Nuair a bhíonn an da chois tosaig ceangailte le chéile, glaodhtar rothall air.
Glaodthar lancaire ar an téid a cheangluigheann cos tosaig na bó, leis an gcois dheirig.
Ta dha mhuic againn sa bhaile.
Tugtar cró na muc ar an gcró in a mbíonn na muca.
Tugaimíd prátaí beirbhte agus min dos na mucha mar biadh agus tugaimíd bainne gear le n-ól doibh,
Tugtar(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Gríbhthín
- Gender
- Male
- Address
- Cromane Upper, Co. Kerry
- Informant
- Donnchadh O Gríbhthín
- Gender
- Male
- Age
- 57
- Address
- Cromane Upper, Co. Kerry