Scoil: Cromán (B.) (uimhir rolla 12820)
- Suíomh:
- Cromane, Co. Kerry
- Múinteoir: Stiophán Ó Cobhthaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 047](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0437%2FCBES_0437_047.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 047
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (B.)
- XML Leathanach 047
- XML “Piseog”
- XML “Nós”
- XML “Cóisire”
- XML “Cleamhnaistí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Piseóg.
Aoine an Cheasta is mór an céasadh baine d'ól.
Agus Domhnach Cásga is mór an náire bheith gan feóil. - Nós.
Tá nós ag na daoine gur ceart feóil d'ithe Máirt na h-Inide - Cóisire.
Sa cóisire fadó ní raibh aon motors aca acht carráisdí agus capall á tharracht.
Bhiod lánmha a bhíos ag dul chun pósadh ins an caraisde déanach agus bhídís sa chéad caraisde ag teacht abhaile.
Bhíodh dó nú trí capaill ialat agus an marcach anairde air. - Sa cleamhnas bíonn an cailín agus buachaill a bhíon chun pósadh, atar agus máthar an cailín agus an stócach.
Tugann an cailín spré léi agus tugan an buachaill feirm agus stoc leis.
Da mbeadh an fheirm ag an cailín cathadh an buachaill spré a thabairt dí.- Bailitheoir
- Muiris O Gríbhtín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Peig Bean Mhichíl Uí Morónaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Cromane Upper, Co. Kerry