School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- Location:
- Tonreagh Lower, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: O'Brennan, Baile Mhic Ealgóid, Tráighlí
- XML Page 304
- XML “An Dúthaigh thart timpeall na Scoile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dos na feirmeóirí ag claoi anois lé barraí do chur ó d'imthig na h-aontaighe agus luacha móra na mbeithíoch reamhar ar seachrán.Tá an áit lán d'ubhallgoirt, agus is maith clúthmhar an dúthaigh í do na leithéidí, agus is breagh folláin na h-ubhla a fhásann ar chrannaibh ann. Fé mar a dubhairt Donnchadh Ruadh:-"Tagaid na h-ubhla cumhra ag geugaibh ann"
Cloch-aoil ar fad atá fé'n dtalamh íseal, agus an t-sean ruadh chloch gainimhe fé'i(?) na sleibhte (Staic agus Mis) Tógadh Bearraic na Saighdiúirí i dTráighlí lé cloch-aoil an pharóiste seo. Bristear go mion í leis i gcóir na mbóthar agus dá brígh sin tá a lán coiréal sa dúthaigh. Is minic leis a chídhtear áith ag duine ná bíonn aon cloch-aoil fé'n a chuid talmhan. Is amhlaidh a tharraingteann sé cloch-aoil ó áiteanna n-a mbíonn sí chun í dhóghadh san áit: lé teas na h-átha deintear aol dí agus úsáidthear é seo cun talammh d'aolú. Chonnac féin ádhbhairín de mhianach airgead-luaidhe a fuarathas i bpáirc Risteaird Uí Dhiaghaidh i Lios Ubhaillín. 'Sé luaidhe atá i bhfurmhór de'n mhianach seo - mar do thriallas é sin i Scoil na gCeárd i dTráighlí.(continues on next page)