School: Loch Coiteáin (roll number 10049)
- Location:
- Dromickbane, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Shúilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Loch Coiteáin
- XML Page 280
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- PósaitheSan inid is mó deineann daoine na h-áite seo do phósadh. De réir na sean-daoine bhíodh mí-ádh éigean ag gabhail le daoine a phósfaí í Mí na Bealtaine. Má pósfair í Mí na Bealtaine beidh cathú ort. Tá piseóga fé leith ag gabhail le pósadh. Síltear nách mbeadh aon rath ag beirt a bhuailfí le socraidh ar slighe dóibh chumh an t-seipéil nó ar filleadh abhaile dhóibh thar éis bheith pósta. Síltear leis gur mhaith an chomhartha é don bheirt an grían do bheith ag taitneamh go soillseach lá an phósta.
Deintear cheamhnaisí san comharsanacht seo. Síad tuismightheóirí is cáirde na beirte a dheineann an cleamhnas. Nuair a bhíonn sé ar intinn ag fear a ingean do chur i gcríc cuireann sé cara le cunntas cleamhnais dá rogha bhuacalla.
Stócach a gláodtar ar an nduine a théigheadh leis an dteactaireacht(continues on next page)- Informant
- John Looney
- Gender
- Male
- Address
- Gortdromakiery, Co. Kerry