School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)isteach sa póca é. “Cuirfeadh mé geall leat.” ar seisean leis an máighistir “ná féadfair–se mo phleann do dhéanamh.” Bhí ullamh láithreach. “Glaoidh amach anois ar bhean an tighe féachaint an mbeidh sí sásta leis. Níl aon geall agam a chuirfidh mé ach tabharfaidh mé blian duit gan aon leath-phingin.” Ghlaoidh sé an bean an tighe. “Tá geall curtha aige seo liom. Níor dhein sé aon rud in aon cor ach sheasamh suas díreach agus sgaoil sé d’aon stróc amháin de’n sgin mar seo anuas. Tháinig an t-aráin amach cómh glan agus do thóg sé ó’n mbord é. “Seadh anois beir-se ar sgin. Dhein an dála ceadhna atá déanta agam. “Dhein sé agus cómh luath in Éirinn agus bhí sé déanta aige thuit sé ar an dtalamh agus d’fhan sé ann. “Mhuire Mháthair,” arsa bean an tighe, “tá sé marbh agat.” “Nách é sin a thoil féin,” ar seisean. Thógadar leo é isteach marbh. Chureadar lar na mháireach é. “Tá sé cómh maith agat teach in aonfeacht liom go dtí an tig agus má dheineann tú mo gnó i gceart” ar sise, “tabharfaidh mé m’inghean ar fad duit agus an áit.” Dheineadar alright agus thug sí a h-inghean le pósadh dhó. Ainm an duine ó’n a bhfuaireas é seo:-
Pádruig Ó Súilleabháin (69)
Tig na mBocht, Cíll ÁirneAn ceanntar ‘nar chaith sí a óige:-
Baile Ruistín
Daingean Uí Chúise.- Informant
- Pádruig Ó Suilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Address
- Killarney, Co. Kerry