School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Cheangal sé an chaoiredo clíatháin an gheasa agus d’imthig sé a d’íaraidh na bróige eile, an bhróg a bhí salach. Nuair d’imthig sé ag íarraidh na bróige sin phreab an bhuachaill a bhí istig sa pháirc coirce amach agus d’árduigh leis an chaoire. Nuair a tháinig an fear eile ag tríall ar a chaoirig, bhí sí árduighthe cun siubhal ag an bpríntíseach óg. Tháinig sé, an bhuachaill críonna abhaile cun an mháighistir. “Cárbh fhághas an chaoire uait.” D’imthig sé uaim agus ní raibh aon rud le déanamh agam ach teacht abhaile” ars’an sean-bhuachaill. Thiomáin sé ar siubhal lá’r na bháireach aríst. “Bheul” ars’an máighistear leis an bhfear óg “má goideann tú anocht arís í déarfaidh mé nách olc thú. Cuimhnigh an fear óg ar phlean eile. Cad a dhein sé ach preab isteach i bpáirc coirce agus bheith ag méilig mar a bheadh an chaoire ag méilig. “Am bhriathar” ars’an bhuachaill, “Sin í an chaoire a d’imthig uaimse aréir agus dá mbeadh an dhá ceann agam ag dul abhaile, do bheadh an t-áthas orm.” Phreab sé isteach i bpáirc an choirce agus faid a bhí sé ag déanamh isteach chuaidh an lead óg amach gus ghoid sé an chaoire. Nuair a chuaidh an t-sean –bhuachaill abhaile dubhairt an máighistear leis:- “Dhera cad d’imthig(continues on next page)
- Informant
- Pádruig Ua Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Address
- Killarney, Co. Kerry