School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean-scoileannaBhíodh scoil ag cuid des na leanbhaí fadó i gcró na mbó nó i sean-cabhán. D’íochadh an feirmeóir coróin le h-aghaidh na leath-bliana do’n mháighistir nuair chúiteamh ar an scoilidheacht a thugadh sé dá líon-tighe. Leach agus sláta a bhíodh ag na scoláirí le h-aghaidh scríbhneóireachta. Bhíodh leabhair aca. D’íolaidís dhá phingin ar an chéad leabhar-dhá scilling ar an dara leabhar agus scilling an luach a bhí ar an Spelling Book. Bhíodh leach mór ag an máighistir. Scríobhadh sé uirthi ar an dtalamh agus agus é ar a dhá glúin. Ní bhíodh aon uaireadóir aige ach leigeadh sé abhaile na cailíní agus na buachaillí nuair a taidhbhsigheadh dhó go mbíodh sé buailte len a ceathair a chlog. Gheibhidís mí de laetheannta saoire um Nodlaig, coithcigheas um Cháisc agus trí aeachtmhaine sa t-Samhradh. “Three weeks from nest Monday to be here again “a deireadh an máighistir. Bhíodh eagla go leór ortha roimh an máighistir. Téigheadh siad ar scoil go h-am a bpósta agus iar bpósta dá lán aca.
Bhíodh cómhnuidhe ar an máighistir i dtig bheag amuigh fé’n dtuaidh. Thagadh sé ar scoil de siubhal a chos. Nuair a bhíodh an mhaidin fliuch tagadh duine dá mhuinntir leis cuid de’n tslighe le cairt agus asal. As ló a bhíodh an scoil ar siubhal.(continues on next page)- Informant
- Mícheál Ua Muircheartaig
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Killarney, Co. Kerry