School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nósanna a bhaineann le bás.Ní ceart uaig d’oscailt maidin Dé Lúain.
Baineann siad dá scráith de’n uaigh Dé Domhnaigh.
Nuair a chuirtear duine san uaig is cóir a chosa a shíneadh soir ó dheas. Deirtear soir ó dheas atá Flaitheas Dé.
Nuair a chuirtear duine san uaig deintear na “rivití” do thógaint anois agus cuirtear ar clabhar cómhrann iad go mbeadh cead ag an gcorp eirighe agus ná beadh nídh á coiméad.
Deineann duine de mhuinntir an duine mhairbh an uaig d’oscailt agus ní ceart é dul in a aonar.
Nuair a bhíonn an corp á chur cuirtear anuas ar clabhar na cómhrann na cnámha a bhí san uaig roimhis sin.
Nuair a tógtar amach an corp as a dtig tógtar amach gach stól agus gach aon chlár go mbíonn na daoine ‘na suidhe ortha ar feadh na h-oidhche. Iompuighthear an bórd taobh síos suas. Sin nós atá riamh ann agus beidh go deo.(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ó Suilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry