Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 040

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 040

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 040
  3. XML “Bia”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Biadh
    Arán Dá shaghas aráin a bhíodh acu. Císte buidhe agus arán cruithneachtan agus is minic do bhíodh an t-arán go dubh. Meiltí an gráinne istig sa tig. Bhíodh bairille leagtha ar an úrlár agus bhíodh dá bhró, poll i gceann acu. Caithtí an coirce isteach sa pholl agus bhíodh sé gá meilt do réir mar a castaí an lámh adhmaid. Ní bhíodh aon ocras ort in diaidh béile de'n arán a deintí de’n gráinne sin.
    Bhíodh béal leathan ar an oighean agus bhíodh sé caol suas annsan.
    An breant a tugtaí ar an rud a cuirtí fe’n ngreideall.
    Feoil Ní bhíodh feoil acu ach timcheall na Nodhlag.
    Iasg Colomóid a bhíodh acu san am san.
    Cupán A glaodhaidís ar árthach adhmaid a bhíodh acu cun blúire ime (ceapaire) a choiméad. Ní bhíodh aon t-sásamh ag na sean-daoine gan béile ruachan a bheith acu i gcóir Aoinne an Chéasta.
    Rud éile a bheadh dúil acu ann agus a bhí go h-aerach ann san am san “Sleaddaí.” Gheibhidís é ins na failleacha. Cuirtí síos é a bheiriú, agus do sgaoiltí an céad uisge de.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Bhuirtinig
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí