School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- XML Page 045
- XML “Díol agus Ceannach”
- XML “Díol agus Ceannach”
- XML “Díol agus Ceannach”
- XML “Díol agus Ceannach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mar tá easna leis an duine sa chapall.
- Níl aon ainmhidhe ceithre cos go mbeidh tú ag a cheann ó mhaidin Dé Luain go dtí tráthnóna Dé Sathairn, ach an capall. Má gcaillfaidhe capall ar dhuine bhocht “pé seans a bhí riamh aige” deireadh na comhursan “níl aon t-seans aige anois. Níl aon nídh le bhreith ar cheann aige anois.” Ar a chapall atá seasamh am fheirmeóra, “an capall nó do bhean”. Tá an tig briste ina dhíaidh.
- Informant
- Pádruig Ua Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry
- Ní mar a chéile in-aonchor “an t- éirnist” agus an “luck.” Má éirigheann aon nídh amach ar ainmhidhe a thugais “eirnist” dó, tusa féin a bheidh ar an “loss” san. Má éirigheann aon nídh d’ainmhidhe taréis an “luck” do thabhairt beidh an té a cheannuig é ar “loss” dó san.
- Eirbeall na bó – deintear é do chíoradh ar dtúis, deintear bundle de an chéad uair agus deineann síad é casadh ar dheis an chéad uair agus annsan ar an dtaobh tuathal. Caitheann fear teacht agus é coimeád ana steipeanáltha ar eagla go dtiocfadh aon chor ann. Dá dtagadh aon t-saghas coir ann ní bheadh aon tairbhe ann. Tiocfadh fear eile annsan ar an gceann eile(continues on next page)