School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Inghean an Baintrighe Bhí baintreach fadó agus bhí triúr inghean aici. Lá de’s na laetheannta dubhairt an cailín is sine lena máthair ná raibh aon gnó ag an dtriúr achu sa bhaile. Dubhairt an mháthair go ndéanfadh sí dá bulóig aráin. Nuair a bhíodar déanta aici d’fhiafruig sí de’n gcailín ciaca a dtógfadh sí – an ceann mhór agus a mhallacht nó an ceann beag agus a beannacht.
“Tógfad an ceann go mbeadh an raidhse innte” ars an cailín.
Bhailig sí léi amáireach agus bhí sí ag chur dí i gcaitheamh an lae go léir. Bhí na tighthe ana fhánach an uair sin óna chéile. Connaic sí solus i bhfad uaithe agus chuaid sí fén a dhéin. Chuaid sí isteach go dtí tig go raibh fear ann in aonair. “An cailín tusa atá ag lorg maighistir nó maighistir ag lorg cailín?” ars an fear. “Cailín ag lorg maighistir” ar sise.
Thug sé lóistín go maidin annsan dí. Chuir sé dhá asal ós a cómhair agus dubhairt sé léi an dhá asal do leanamhaint agus an rud deireannach a íosfaidís agus a ólfaidís thabhairt chuige féin. Bhuail comthalán mór rinnce leo ar an mbóthar agus d’fhan sí ag an rinnce agus chuir an dhá asal díobh agus d’fhan sí ag an rinnce go dtangagadar aríst. Thángadar(continues on next page)- Informant
- Bean Uí Buirtinig
- Gender
- Female
- Address
- Killarney, Co. Kerry