School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a beannuig Naomh Pádruig gach aon rud níor bheannuig sé an tor geataire in aonchor. Tá smut de’n bharra feóchta riamh ó shoin air. Níl aon mhaitheas ann cun aon níd.An leigheas is feárr a fhéadfá thabhairt do ghamhain óga, spuineóg sóda dhá uair sa ló; do chailltí mórán aca go dtí go bhfuaireadar an leigheas san.Ní bheadh aon mheas ag na sean-daoine ar aon sglábhuidhe a bhíodh aca mara mbeadh dhá rámhainn ceardchan caithte ins an mbliadhain aige.Na spealadóirí a bhí fadó shoin ann bhíodh duine fánach aca go mbíodh ártha an fhaobhair aige agus dá gcuirtheá sámhthach rámhainne síos sa móinfhéar roimis bhainfeadh sé an ceann de. Bhí an cuid eile de na spealadóirí marbh aige mar ní bhíodh an faobhar aca agus bhí san diamhaoin glan mar bhíodh an faobhar aige. Bhíodh aon fhaobhar amháin aige ó mhaidin go trádthnóna.Ó lár na Bealtaine amach bhíodh na h-uan bainte as caorachaibh. Chuiridís isteach na caoraig sa gclocán (gan) gach aon tráthnóna. D’imthighidís ar maidin annsan. Crúdidís na caoraigh. Cuiridís í beirbhiú annsan agus chaithidís síos dhá sháspan de bainne géar ann agus níor ólais aon deoch(continues on next page)
- Informant
- Pádruig Ua Suilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Address
- Killarney, Co. Kerry