School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lios an AifrinnI mbaile Ráth-Fhionán i bparóiste Cíll-Cuimín trí míle ó Cill-Áirne tá áit ar a dtugtar “Lios an Aifrinn.” Tá cros ann anois agus de marmar agus de chloch aoil atá an chros déanta. Tá ráil iarainn mór-thimceall na croise. “ Do chuireadh an chros seo ar bun mar cuimhneachán ar an áit in a mbíodh an t-Aifreann dá léigheamh le linn an droch-shaoghal nuair ná bíodh díon nó slinn ós cionn áltóra Dé agus saighdiúirí an rí ar thóir an phobal.” Sin a bhfuil sgríobhta ar an gcrois. Sé an Canónach Ó Loínsig a bhí na chomhnaidhe sa pharóiste do chur ar bun í. Ar bhárr cnuic atá sí suidhte. Tá lios mhór in aice na croise. Do bhí taoiseach darbh ainm dó Fionán ‘na chómhnaidhe ann agus sin é an fáth gur baisteadh Ráth Fhionáin ar an áit. Ainm an duine ó’n a bhfuaras é:-
Bean Pléimionn, Claidhe-Doimhin, Cill-Cuimín.Ainm an cailín a fuair é:-
Síle Pléimionn
A sheóladh – Claidhe-Doimhin, Cill-Cuimín- Collector
- Síghle Pléimionn
- Gender
- Female
- Address
- Kilcummin, Co. Kerry
- Informant
- Bean Pléimionn
- Gender
- Female
- Address
- Kilcummin, Co. Kerry