School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tig TabhairneBhí fear fadó ann. Tomás Mac Gearailt a b’ainm dó. Theastuig siopa uaidh i mbaile eile. Fuair sé tig ó’n tighearna talmhan. Bhí seilbh bainte ag an ‘landlord’ ó Mike Sullivan, Lord Ventry a b’ainm do’n tighearna talmhan. Nuair a chuaidh Tomás ag lorg ‘licence’ mar tig tabhairne a bhí uaidh. Chuir aturnae ‘na coinnibh. Annsan do phós Tomás agus fuair a bhean agus muinntir na mná an ‘licence.’ Garsún a bhí san bhaile, dhein sé amhrán:-“An Gearaltach mór ó Baile an Chaisleán
Teacht ar an gcrosaire ag déanamh dioghbhála
Ag leagainn na dtighthe
Tá leis na céadtaibh buideálta
Dá bhfanadh sé aga bhaile
Agus maireachtaint macánta
Beadh súil ag a anam
leis na Flaithis in áirde."Ainm an duine ó’n a bhfuaras é seo:-
Mícheál Ua Muircheartaig
Tig na mBocht,
Cill ÁirneAn áit in a raibh cómhnuidhe air:-
Baile na h-Abhainn
Paróiste Mórach- Informant
- Míceál Ua Muircheartaig
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry