School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nósanna a baineann leis an mbásIs iomadhamail agus greannmhar iad na nósanna atá, nó a bhíodh ag roinnt leis an mbás in áiteannaibh iargúlta sa dúthaigh seo:-
Ba gnáthach go mbíodh tórramh sa tig in a mbíodh corp. Bhíodh píopanna agus tobac agus snaois á roinnt ar an daoinibh a thagadh dtí an tórramh. Ní bhíodh trosgán a ndóthain ag muinntir an tighe cun fóirithin ar na cuairteóiribh agus geibhtí iasacht trosgán ó’s na cómharsannaibh, ach ar ór ná ar airgead. Ní cuirtí duine in a aonar ag triall ar aon nidh, le h-eagla ná beadh an rath ar an duine sin. Chuirtí beirt ag triall ar gach aon rud a bhíodh ag teastabhail ar an gcuma san. Agus deintí mar an gcéadhna ag cur na n-guírléidi thar n-ais dos na daoine go mbadh leo iad. Tá sé ráidhte riamh gur “Sgéal a thairgeann sgéal.” Nuair a cuirtí an corp agus é gléasta san aibíd ins an leabaidh mar is gnáthach a dhéanamh bhíodh peidhre stocaí ar chosaibh an chuirp. Cuirtí biorán ar an dá stoca d’fhonn is na cosa a choiméad go feistighthe le’n a chéile. Tugtaí aire mhaith go dtógfaí an biorán as na stocaí sul a gcuirtí an corp isteach san(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Cróinín
- Gender
- Female
- Address
- Killarney, Co. Kerry
- Informant
- Gearóid Mach Gearailt
- Gender
- Male
- Address
- Lios Póil, Co. Kerry