School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tighearna Talmhan (1)
Bhí Sam Hussey ag gabháilt an bhóthair lá. Connaic sé fear ag gearradh na móna agus siúd isteach leis. “Cad tá ‘gat dhá déanamh” ar seisean “Ag gearradh fóid móna i gcóir na bliana” arsan fear. Rug sé ar an gcrop a bhí na dhorn aige, sháid sé síos sa phortach féuchaint an raibh aoirde an dhá fóid dá fhágaint na dhíaidh. Do bhí ach “Ní bheidh móin ná talamh agat” ar seisean. Nuair a tháinig an fear bocht abhaile d’innis sé an sgéul dé mhnaoi. Tháinig comursa isteac, dubhairt sé leis dul go dtí an ‘hotel’ agus gan aon gearrad-caint a thabhairt dó. “Um basca ní thabharfad mar tá a mhalairt d’eagla orm roimis.” Cúaid sé agus d’fhiafruig Sam cé bhí amuigh agus dubhairt sé go dtáinig sé cun pardún a lorg air agus ná gearrfad aon fód móna feasta aríst ann. “Bailig leat as mo radharc” ar seisean. Bhí an fear bocht ag cur de nuair a tháinig stróinséar amac “Fan go fóil” ar seisean “agus téir isteach arís. Cúaid sé isteach an tarna uair. “Maith dhó an babhta so” Ragaidh mé féin ná gearrfaidh sé fóid móna feasta. “Tógfaidh mé t’fhocal.” Níor gearr an fear bocht fód móna go ceann deic bliana, in a dhiadh sin ac ní raibh bac air annsan dul síos go dtí an cloc féin agus is minic a deireadh sé “Moladh(continues on next page)- Informant
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry