School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(4)
Sam Hussey. An lá go mbeadh an cíos tuitithe ortha mar a mbeadh gac aon leat pingín cruinn acu bhíodar an dorus amach aige. Dubhairt fhear go raibh sé leath-sobheraign gairid do agus go dtabharfadh sé dó é lár na máireac é. Fág mo radharc nó déanfad brúscair díot leis an ngunna.” Chaith sé gabhailt amac. Cuaid sé go dtí fear san mbaile, d’iarr sé air deich sgilling a thabhairt dó. Dúbhairt sé go dtabharfadh sé agus fáilte. Tug sé dó é agus cúaidh sé isteach arís leis an gcíos. “Cogar” ar seisean “tá tú ag teacht aríst ag magadh fúm” “Ní h-ead ná ag magadh fút mar moladh le Día fuaireas ó shoin é.” “Ba mhaith an báil ort é go bhfuairis” ar seisean “mar do bheadh sgéul nuadh ag imteacht agat.” (5)
Na Deacmhaithe Caithidís ceithre leabhaidh des na leaptaca d’fhaghailt uatha, ceithre leabaid cos ar chlaidhe, ceithre leabaid deic leabaid amac uaidh san aríst ar eagla go mbeadh aon fheabhas amach sa gort ná beadh cois an chlaidhe. Chaithidís an rud céadhna do dhéanamh leis an gcoirce. Pé paiste den ngort go “pitchalaidis” air caithead síad é fágailt.Ainm an duine ón a bhfuaras íad seo:-
Pádruig Ua Súilleabháin
Tig na mBocht, Cíll ÁirneI Baile Ruistín, Daingean Uí Chúise, a chaith sé a óige.- Informant
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry