School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- XML Page 101
- XML “Éadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Brístí glún, stocaí fada go dtí an glún, agus casóg eirbeall i gcóir lae le Pádruig. Bhídís a sé déug nó a seacht déag de bhliantaibh sar a gcaithidís bróga. Bhí buachaill ag teacht ó’n Aifreann agus do bhuail sé órdóg a choise i gcoinnibh cloiche agus baineadh an ionga dhe. “Dhe mhuise” ar seisean “dá mbeadh na bróga anois orm beadh tairgne amach asta.” Ba mheasa leis an tairgne do bhaint amach aiste ná an ionga do bhaint dá órdóig. Ní bhíodh aon t-snáithín chéireach ‘á úsáid an am san. Is amhlaidh a dheinidís féin é leis an leathar. Ní bhíodh aon peigí adhmaid ag teacht isteach san am san. Is amhlaidh a chaithidís féin íad do gheárradh as an trom, crann beag so-lúbtha a fhásann ins na gharraidhthibh. Ní fhásann sé in aon áit ach in áit 'na mbíonn cré an-shaidhbhir. Tá na préamhacha go h-ana mhaith. Dá mbeadh aon tinneas id’ cheann d’fhéadfá íad do bheirbhiú agus an t-uisge d’ól ach uisge an dheachair d’ól iseadh é mar tá blas ana-shearbh air. “Ní fiú dhúinn aon ‘rest’ do thógainn go raghaimíd go dtí an paiste go gcuirimíd(continues on next page)
- Informant
- Pádruig Ua Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry