School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Laetheannta ÁirightheOidhche na Coda Móire:- Oidhche an dhóithín mhóire = Oidhche chínn blíana.
Lá san Seán Mór:- An lá is sia sa bliadhain.
Lá san Seán Beag:- An naomhadh lá fichead de Mheitheamh, sé sin Lá Peadar agus Pól.
Lá le Muire na Daibhche:- An chúigeamhadh lá de Lughnasa. Bhíodh ólachán agus tenteanna agus bíadh agus deoch i gCaisleán na Gréigre mar lá le patrún.
Lá le Muire an Daingean:- An t-ochtmhadh lá de Mheadhon Fhoghmhair, bíodh patrún san Daingean. Bíodh sé in a saoire fadó ach chuireadh amach é.
Lá le Mhíchíl:- Bhíodh sé ina lá saoire ag na figheadóirí agus ní bhíodh na mná ag sníomh.
Lá le Bríghde:- ‘na saoire ag an gcasaidhe.
Lá le Mártan:- Baintí fuil de ghé nó chearc nó lacha – fuil do tharrac cun onóir do thabhairt do Dhía.
Lá le Tomás:- Trí lá roimh Nodhlaig.Ainm an duine ó’n a bhfuras íad seo:-
Seán Ua Muirceartaig
Tig na mBocht, Cill ÁirneAn ceanntar ‘nar chaith sé a óige:-
Gleann Cárthaig- Informant
- Seán Ua Muircheartaig
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry