School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí bean siubhal - dubhairt sé go raibh aithne aici ar bean ferimeóra go raibh tig buildeálta istig i bpaírc 'na raibh lios 'na bun...”
Bhí bean siubhal – dubhairt sí go raibh aithne aici ar bean feirmeóira go raibh tig buildeálta istig i bpáirc ‘na raibh lios ‘na bun. D’eirig sí maidin i dtosach an Mheithimh. Bhí a fear ag dul ar an aonach agus d’eirig sí ana mhoch ar maidin cun a bhreicfeást d’fhághail ullamh dó. Nuair a bhí sí ag cuir amach an luaithreach ar eirighe an lae chonnaic sí an bean uaithi síos in-áirde na seasamh ar chlaidhe an leasa, an bhean ba bhreághtha a chonnaic sí riamh. Bhí sí dearg ruadh. Glaodhaidh sí uirthi:-
“Ná chaith amach an luaithreach aon mhaidin eile gan uisge a chur uirthi. Tá mo chuid éadaig gur nigheas indé, táid salach bréan ag do luaithrig. Tá uísge na gcos dhá caitheamh amach agat sa tslíghe céadhna ar aon déag a clog istoidhche agus táim ag rádh leat mara stadaidh tú do lámh go gcuirfeadh-sa id lainncide tú. Ainm an duine ó’n a bhfuaras é seo:-
Pádruig Ua Súilleabháin
Tig na mBocht, Cíll ÁirneAn áit ‘na raibh comhnuidhe air:-
Baile Ruistín
Daingean Uí Chúise.- Informant
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry